Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 130
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bárranaigh na bfátaí agus garraidhe ar bith a bhí in aice na fairrge ní raibh fáta ar bith ann.
Na caoirigh a bhí tréis a mbéarrtha ar an sliabh chuir sí 'un báis iad. Bhí dhá chruit ar na beithidhigh leis an bhfuacht a bhí ann. Bhí asail na tíre chomh crúpí is na rabhadar in-ann siubhal abhaile go ndeacha na daoine ar a dtóir.
Shéidh an stoirim le gaoth anoir'dtuaidh agud bhí sé ag báisteach agus ag sneacht ar feadh lae agus oidhche. Bhí leath-throigh sneacht ar an talam agus ní raibh sé in-ann ag aon chearc ná ge ná lacha an cró a fhágháil.
San mbliadhain 1839 i Mí na Nodlag tar éis oidhche na stoirime móire, bhí stoirim eile ann. Bhí sí ar an stoirim ba mheasa dá raibh ann ariamh ach oidhche na stoirime móire. Déir sean-ndaoine a bhí beo oidhche na stoirime móire gur mheasa an oidhche seo ná í.
Bhí salann sáile ar fuaid na tíre uile mar bhí an fhairrge cháidhte dá crocadh chomh hárd sin go raibh sí ar nós báisteach ag teacht aniar leis an ngaoth. Bhí ballachaí curtha suas ar an talamh agus iad marbh ag an ngála leis an oibriú a bhí sa bfairrge. Bhí clocha bainte as an talamh aici bhí sí chomh láidir sin.
Ní raibh aon cóca féir ná cruach árbhair ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Conghalaigh
- Inscne
- Baineann