Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ndéarna na gadhair aon dochar dhóib chuir sé isteach i hotel iad. Bhíodar sgáthamh ann nuair a chuir an rí fíos cun dinnéir orra. Chuadar cun dinnéir chuige. Nuair a bhí an dinnéar caithte thuit ingean an ríogh i ngrád le Naoise agus d'éirigh sí agus bhain póg dhe. Rith Déirdre amhach as an hotel agus níor stad sí gur chaith sí i bhfairrge í fhéin. Lean Naoise, Isleán agus Árdán ag an bhfairrge í agus shábháil siad í. Chuir rí Albain troid Naoise faoi nach bpósfadh sé a ingéan fhéin. D'ionnsuigh an triúr aca muinntir an ríogh agus bhí trian d'Albain marbhuighthe aca nuair a d'iarr an rí siothchain orra. Chuir siad fútha in Albain ar feadh tamhaill na dhiaidh sin. Ba gheárr go ndubhairt rí na hÉireann fíos a chur orra go h-Albain mar go sábhálfaidís an tír da n-ionnsaighe í. Dubhairt an draoi-doir a bhí ag an rígh teach a dhéanamh le luaidh agus le téarra agus go ndoghfadhis siad an bhean.
Cuireadh sgéala aca go hAlbain agus dubhairt an bhean leo gur le haghaidh feall a dhéanamh orra a bhí an rí. Dubhairt siad léithi go dtiocfadh mar nach raibh aon bheann aca ar aoinne. Tháinig siad go hÉirinn agus caitheadh bainféis seacht n-oidhche is seacht lá orra. Cuireadh isteach san teach nua seo a bhí déanta iad. Nuair a fuarathas na gcodladh san oidhche iad lasadh an teach orra. Thosuigh an bhean ag caoineadh nuair a thosuigh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Conghalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe