Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghléas Solamh é féin i n-éadach amadáin agus chuaidh sé do'n Ghréig. Nuair a bhí sé ag siubhal na sráide, chonnaic sé a mháthair thuas agus í ag breathnú amach thríd an bhfuinneoig. Chuaidh sé isteach sa tach agus dubhairt "Abair leis an mnaoi a theacht anuas chugam". Chomh luath is chonnaic sé í d'aithin sé í agus d'aithin sise é féin. Thosuigh sí ag fuagairt agus ag béicigh agus ag rádh Solamh a mharbhúghadh. "Muise, tabhair dom spás go ceann seachtmhaine nó go bhfeicfidh tú a dtiocfaidh dom' iarraidh de ainglibh", arsa Solamh. "Deanfaidh sin" ars an rígh, gheobhaidh tú sin". Chuir Solamh litir abhaile agus dubhairt sé len a athair a chuid saighdiúr a ghléasadh in éadach dubh agus geal. Rinne an t-athair mar a dubhradh leis agus chuaidh sé do'n Ghréig.
Chonnaic Rí na Gréige na Saighdiúrí ag teacht agus d'fhuagair sé ar a mhnaoi. Mharbhuigh na saighdiúirí an Rí agus thugadar an bhean abhaile. Bhí siad go lán-t-sásta annsin. Lá amháin chuaidh an fear amach ag fiadhach agus d'fhan Solamh ag an teach. Nuair a bhí sé in am dinnéir ghlaoidh a mháthair isteach ar Solamh. Thug sí a dhinnéar dó agus chuir sí nimh ann. Nuair a bhí Solamh ag fághail bháis, d'fiafruigh sí de cá bhfuair sé an fios. "Gabh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)