Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a chuid fear. Nochtadar an uaigh agus thóg siad an bhean aisti. Bhreathnuigheadar 'na dtimcheall. "Anois," a dubhairt an bhean, "tá mac agam-sa - Solamh - agus tá sé an-chríonna agus bhféidir go bhfuil sé ins na tomachaí sin agus cuartaigh iad." Thosnuigh siad á chuartúghadh na dtomachaí agus nuair a bhí siad a' teacht ingar dhó sgaoil sé amach an Chéirseach.
Nuair a tháinig siad ar ais dúbhairt siad nach raibh ann achth céirseach "Á tá daoine an-ghar dhó sin", a deir an bhean, "imigh aríst agus cuartuigh". Rinneadh an rud céadna. Sgaoil Solamh uaidh an Smólach. Nuair a tháinig siad dubhairt siad an rud céadna. "Má tá sé beo tá sé i ngar dhó sin" ars an bhean, "imthighidh libh aríst dhá chuartughadh". Rinneadar mar a dubhairt leo. Nuair a d'airigh Solamh ag teacht iad sgaoil sé amach an lon dubh. Nuair a tháinig siad dubhairt siad gur lon dubh a d'eirigh. "Má's eadh" a dubhairt an bhean, "tá libh, níl aon duine i ngar dó sin".
Thógadar leo an bhean do'n Ghréig. Nuair a tháinic Solamh abhaile ar maidin bhí a athair ag caoineadh roimhe. "Ó, nach tú atá díthcéillídhe ag caoineadh na mná atá thall sa nGréig faoi seo", arsa Dolamh. "Dháiríre atá tú?" arsa an t-athair. "Seadh", arsa Solamh. Cúpla lá i na dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)