Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aonach an Turlaigh Mhóir
Bíonn dá aonach ann i gcomhnuidhe agus ins an am fadó bhíodh na daoine ag troid ann. Bhíodh go leor treibheanna sa tír san am agus bhídís ag troid in aghaidh a chéile agus ag faire ar aonach an Turlaigh Mhóir cun é sin a dhéanamh.
Thigeadh daoine ó gach ceard den chondae lé cabáin a chur suas lé h-aghaidh óil. Bhíodh áit áirithe ann le h-aghaidh asal do dhíol. Cnocáin na n-asal a thugtar ar an áit sin ó shin i leith.
Bhíodh na tinncéirí an fhlúirseach anois ann agus bhidís comh láidir sin agus go mbíodh faitchíos ar mhuinntir na tuaithe rómpa. Bé e Brían Bhárd an ceannphart is mo de na tinnceirí. Bhí troid an-mhór ann blian amháiin agus tháinic ceannphort na bpelears ann lé na chuid fear cun síoghcháin a dhéanamh ach marbhuigheadh na ceannphort ann an blian sin. Marbhuigeadh é sa troid mar a bhí tinncéirí agus tuaithe i n-aghaidh na bpelers agus níor sparáil síad íad. Bhiodh troideanna móra ann idir na h-Oisiní agus clainn Mach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eilís Ní Fhlionn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mártín Ó Dhugán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe