Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh (uimhir rolla 13914)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac an Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus gan ar an taoibh eile acht sgraich. Bhí báisteach anuas ar an taoibh a raibh an díon agus gan báisteach ar bith ar an taoibh eile".
"Sin díon" ars an sagart, "a goideadh ó bhaintreabach".
"An dara teach a raibh mé ann" ars an mac, bhí an t-athair agus an ceathrar mac in a dtailliúrí agus bhí sé ag cinnt orra aon airgead a shábháil".
"Bheul", ars an Sagart, "tá siad ag obair ro-dheireannach s'an oidhche".
"An tríomhadh teach a raibh mé air loistín ann, bhí bean óg ann a bhí ion-phósta go maith agus ní raibh aon fhear ghá h-iarraidh".
"Ní fhéadfadh aon fhear í sin a iarraidh" ars an Sagart, mar sin í do bhean-sa".
Chuaidh sé ag déanamh a bhealaigh abhaile arís, agus nuair a bhí sé ag dul treasna an chuain, chonnaic sé an easgain nimhe arís ag déanamh air agus choinnigh sé cró na snáthaide Roimpe agus chuaidh sí amach thríd.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Ó hAllumhrain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Droim Thoir, Co. na Gaillimhe