Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh (uimhir rolla 13914)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac an Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann uair amháin a dtugaidís Ceathramha na Súgáin air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bliadna déag sin caithte bhí a fhios aige nach raibh goir ar bith aige fanacht uaidh. Tháinic an bás arís nuair a bhíodar caithte.
"Caithfidh tú dul in éinfeacht liom" ars an bas. "Déanfaidh sin" adeir an fear. "Tá mé réidh le h-imtheacht leat acht a dtugaidh mé liom mo chuid cártaí.
D'imthigh sé leis an bás go dtí na Flaithis. Tháinic an t-aingeal amach agus dubhairt leis a chuid cártaí a leagan uaidh agua a theacht isteach. "Ní leagfadh " adubhairt sé. "Mara leagaidh" ars an t-aingeal, "cuirfear go h-Ifreann tú".
"Is cuma liom" ars eisean.
Chuireadar go h-Ifreann é agus nuair a chuaidh sé isteach d'fhiafruigh an diabhal de an imreóchadh sé a anam agus dubhairt sé go n-imreóchadh dhá gcuireadh sé anam eile in a aghaidh. Ghnóthuigh sé an t-anam agus chaith sé amach é. Dubhairt an fear gurbh fhuaire an áit a bhí amuigh aige ná istigh. Ghnóthuigh sé gach anam dá raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhuaile Bheag Thiar, Co. na Gaillimhe