Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh (uimhir rolla 13914)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac an Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann uair amháin a dtugaidís Ceathramha na Súgáin air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fear an tighe agus tháinic an bás ar chuairt aige.
"Tá mise ag teacht i do choinne" ars an bás. "Bhfuil tú réidh le theacht linn"?
"Tá mé réidh", adeir an fear, acht a dtiubharfá ubhall isteach chugam as an gcrann sin amuigh. Chuaidh an bás amach agus ghreamuigh sé de'n chrann. D'Éirigh fear an tighe agus fuair a mhaide agus thosuigh ghá bhualadh le n-a mhaide.
"Leig as seo me", adubhairt an bás "agus tiubharfaidh mé cúig bliadna déag eile dhuit".
Nuair a bhí na cúig bliadna déag sin thuas, ní raibh a fhios aige cé an chaoi a bhfuigheadh sé cúig bliadna déag eile. Bhain sé dhá ghéagán de'n chrann agus chuir s'an dá ursain i ndoras an tighe iad. Nuair a tháinic an bás leag sé a dhá láimh ar dhá ursain an dorais agus ghreamuigh sé de'n doras.
D'éirigh an fear agus fuair a mhaide agus bhuail greadadh maith air.
"Leig as seo mé agus tiubraidh mé cúig bliadna déag eile dhuit" adubhairt an bás. Nuair a bhí na cúig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhuaile Bheag Thiar, Co. na Gaillimhe