Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Cluiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad na cluiche a n-imrightear timcheall na h-áite seo:-
    (A) Cluiche a n-imrightear 'sna tighthe:-
    Puicín; seo é an chaoi a n-imrighthear an cluiche seo. Nuair a bhíos sgata páistí bailighthe le chéile toghann siad duine agus cuirtear píosa éadaigh thar súla an duine agus ceangltar go teann tocht é ar cúl a chinn. Ní bhíonn aon amharc ag an duine sin annsin mar bíonn sé caoch leis an píosa éadaigh. Gníonn sé iarracht breith ar duine de na páistí eile. Má éirigheann leis é sin a dhéanamh cuirtear an píosa éadaigh ar an duine a beirtear air. Is deacair a breith ar na paistí eile go minic mar bíonn siad ag dul i bhfolach ach s'an am céadna bíonn an-spóirt ag na páistí ag an cluiche seo.
    Chip chop cherry; seo é an chaoi a n-imrightear aan cluiche seo. Gheibhtear píosa páipéar glan agus déantar ciorcal air. Annsin roinntear an ciorcal in ocht gcodanna agus sgríobhtar síos uimhir ar bith i ngach cuid. Annsin tosnuightear ar uimhir amháin agus abratar na fochla "chip chop cherry ní fhéadfhad an méid daoine atá i doire dul thar ballaí chip chop cherry." Sgriobhtar síos an uimhir ar a thuiteanns an focal deire agus déantar é sin le gach uimhir atá san ciorcal go mbíonn gach uimhir sgribhtha síos. Is féidir le beirt an cluiche seo a imirt agus sgríobhann síos duine amháin an chéad uimhir agus an duine eile an céad uimhir eile agus mar sin. Bíonn an buaidh ag an duine a bhfuil an uimhir is mó aca.
    Lúrabóg larabóg; seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo. Nuair a bhíos sgata páistí in a suidhe cois teine is minic a n-imrigheann an t-athair é. Tógann sé slát nó rud eile mar sin agus tugann sé buile beag amháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge