Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin d’imthigh sí abhaile. Nuair tháinic sí abhaile do las sí coineal agus do thógh sí in a lámh é. Annsin d’fosgail sí an doras agus do sheas sí annsin ar feadh tamaill. Tar éis tamaill chonnaic duine de na manaigh é agus d’innis sé an sgéal do na manaigh eile. Dubhairt siad-san go gcaithfeadh siad coisg a chur leis an obair acht sul ar stad siad do chuir duine aca pictúur an Chaileach Bhéarach ar balla amháin agus tá sé le feiceál ann go dtí an lá indiu. D’imtigh na manaigh as an áit agus tar éis tamaill d’imtigh an caileach freisin agus ní raibh acht trí cinn de na séipéal tógtha ag na manaigh. Tá siad le feiceál ann anois agus pictúur an chaileach ar balla amháin agus deireann na daoine go mbíonn soluis coineal le feiceál gach oidhche san áit in a raibh teach an Chaileach Bhéarach.