Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dúnlocháin
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear mór laidir in-s chomhnuidhe. Dá é an t-ainm a bhí air “Marcus Ó Tuachaill”. Oídhche Samhna amháin bhí sé amuigh go deireannach ar an mbochár. Casadh sluagh marcac sidhe leis agus iad ag marcuigheacht ar capaillí beaga bána. Bhí cailin deas ar culóg ag fear acu agus bhí sí ag screaghchail agus ag caoineadh. Léim Marcus Ó Tuachaill suas ar an gcapall agus tarraing sé síos an cailín. Ar an bpoinnte sin léim an sidheog ó na capall agus thosuigh sé ag troid leis. Thosuigh na sidheoga eile ag cuiduí leis an sidheog a bhí ag troid. Tugadh troid fiacmhar eacorra atá fuair Marcus an buaidh agus thug sé an cailín abhaile. Ní raibh sí i ndon comhartha a thabhairt. D’fhan sí sa teach ar feadh bliadhna. Ní raibh fhios ag Marcus céard a deanfadh sé. Cuaidh sé go dtí Cnoc an Dúin annsin agus bhí na sidheoga istigh ins an gcaislean agus bhí beirt acu ag troid. Dubhairt ceann acu “Ní raibh tú leath chomh maith nuair a bhain Marcus Ó Tuachaill an bhean uaith” “Is beag an maith dó é” ar san sidheog eile mar ní béadh sí i ndon cainnt na comhartha a deanamh go mbainfidh sé an bíoran
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Laoidhe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mairtín Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76