School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Doonloughan, Co. Galway
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dúnlocháin
- XML Page 066
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear mór laidir in-s chomhnuidhe. Dá é an t-ainm a bhí air “Marcus Ó Tuachaill”. Oídhche Samhna amháin bhí sé amuigh go deireannach ar an mbochár. Casadh sluagh marcac sidhe leis agus iad ag marcuigheacht ar capaillí beaga bána. Bhí cailin deas ar culóg ag fear acu agus bhí sí ag screaghchail agus ag caoineadh. Léim Marcus Ó Tuachaill suas ar an gcapall agus tarraing sé síos an cailín. Ar an bpoinnte sin léim an sidheog ó na capall agus thosuigh sé ag troid leis. Thosuigh na sidheoga eile ag cuiduí leis an sidheog a bhí ag troid. Tugadh troid fiacmhar eacorra atá fuair Marcus an buaidh agus thug sé an cailín abhaile. Ní raibh sí i ndon comhartha a thabhairt. D’fhan sí sa teach ar feadh bliadhna. Ní raibh fhios ag Marcus céard a deanfadh sé. Cuaidh sé go dtí Cnoc an Dúin annsin agus bhí na sidheoga istigh ins an gcaislean agus bhí beirt acu ag troid. Dubhairt ceann acu “Ní raibh tú leath chomh maith nuair a bhain Marcus Ó Tuachaill an bhean uaith” “Is beag an maith dó é” ar san sidheog eile mar ní béadh sí i ndon cainnt na comhartha a deanamh go mbainfidh sé an bíoran(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Laoidhe
- Gender
- Female
- Informant
- Mairtín Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 76