Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cloch eile léithí.
‘Shílfeá go stopfá é sin’, a deir an fathach taobh amuigh leis an bhfathach taobh istigh ach níor bhfuair sé aon fhreagra.
‘Muise creidim’, a deir sé, ‘nach é atá ag déanamh duit ach do bholg mór, agus isteach leis fhéin ach sular airigh sé araimh bhí an ceann bainte dhe ag Mac Rí Éireann agus é caite ar chúl an dorais aige. Sheoil an tríomhadh fathach isteach iad agus chaith Dubhailimín cloch eile leo agus amach leo arís. Bhí an fathach amugh ar buille annsin agus isteach leis fhéin agus anon leis le Dubhailimín a bhachadh ach a mhic ó bhain Mac Rí Éireann gach ar bhain leó idir óir is airgid is éadach agus chuile short abhaile leó agus mhaireadar go sona sásta le chéile ina dhiaidh sin.- Faisnéiseoir
- Micheal Céin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Formna, Co. na Gaillimhe