Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)

Suíomh:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Giolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 382

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 382

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Leathanach 382
  3. XML “Dubhailimín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis ar an lota ag iarraidh cead. Fuair sé téad mór a bhíodh ar na fathaigh agus thug sé leis anuas é agus sgaoil sé ceann dhe síos ag an bhfear thíos agus cheangail sé an ceann eile le cloic móir. Rug an fear thíos ar an téad agus tháinic sé aníos ó láimh go láimh. Cé bheadh ann ach Mac Rí Éireann. Chuir Dubhailimín fáilte roimh ach bhí náire air Mhac Rí Éireann mar bhí troigh féasóige air agus dúbhairt Dubhailimín leis é fhéin é a bhearradh agus thug sé greim d’en fheoil a bhí róbtaí le na fathaigh dhó. D’innis sé dhó go raibh na fathaigh imthighte amach ag iarraidh na ngabhar agus go marbhochadh siad fhéir iad ag teacht dhóibh. Bhí go maith is ní raibh go h-olc, bhailigh Dubhailimín carnan mór cloch ag teacht isteach dhóibh ar lár an urláir. Tháinig na fathaigh leis na gabharaibh agus bhí siad dhá seóladh isteach an doras. An chéad ghabhar a tháinig isteach, chaith ubhailimín sraic go cloch léithí agus amach léithí arís.
    ‘ Stop an obair sin’, a deir an fathach ach níor bhfuair sé aon tor ó’n bhfear istigh. Sheol sé an gabhar isteach arís agus chaith Dubhailimín cloch eile léithí. Isteach leis an bhfathach le éstopadh agus nuair a fuair Mac Rí Éireann taobh istigh go’ n doras é, bhain sé an ceann de le buille de’n claidheamh agus chaith sé ar chúl an dorais é. Sheol an bheirt eile isteach í arís agus chaith Dubhailimín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Céin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Formna, Co. na Gaillimhe