Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)

Suíomh:
Sonnach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
  2. XML Leathanach 0320
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann na feirmeóirí prátaí ar an bhfeirm san mbaile seo gach bliain. Is mar seo a cuireann siad iadh. Romharann siad an talamh. Deanann siad iomairí. Bíonn gach iomaire slat ar leitead agus fágtar clais ar gach taobh dí. Is le spád a déintear é. Gearrann bean an tighe na fataí sa teach. Fágann sí cúpla súil in gach sciolláin (slit a tugtar ar an bpíosa prátaí san áit seo)
    Leathtar aoileach ar gach iomaire agus leaghtar na sciolláin anuas air. Leathtar leasú ó clós na feilme anuas orra. Annsin clúduigheann na sciolláin le créafoíg as an gclais. Nuair tagann na baslóga aníos trid an gcré agus cuirtear morán (?) créafóighe leo arís. Fasann siad go mall agus tagann duilleóga ar na gasaibh. Nightear na gasa le clochghorm leaghta cun iad a cosaint ar an nduibheacáin.
    Dubairt sean-fhear liom go raibh ceactaí admaid in usáid san gceanntear seo tuairim cead bliain ó shoin agus connaich sé ceann aca agus soc meitil ann. Ní usáidtear anois iad. Ceannuigeadh rámhainní.
    Cabhruigheann na comharsain le chéile ag cur agus ag baint prátáí san áit seo.
    Obair mall 'seadh í ramhar na bprátaí san áit seo de bhrigh gur ab í an spád a úsáidtear. Oibrigheann na fir an spád agus iompuigheann siad gach scráith, gach fód agus gach dairt. Tocluigheann siad an iomaire o bhórd go bórd agus ó ceann go ceann ar lorg na bhfataí agus gníonn siad sin go h-aigeannta agus le luathas lasrac. Tógann siad spreabanna breághtha agus de bharr a h-eolais ar an romhar ní ghearann siad mórán. Fágann siad in iomaire go deas 'na múnla 'na dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla