Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne (Killina)
- XML Leathanach 0167
- XML “Scéal Greannmhar - Leadhb ag Tóraíocht Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal ghreannmhar
Leadhbh ag Toruigheacht MnáBhí sean-bhaintreabhach ann fadó, agus ní raibh aicí acht aon mhac amháin. Seán abainm dó. Is cosamhail nach raibh ann ach pleidhche no amadáin mór gan aon ghuis. Bhí sé i gcomhnaidhe ag iarraidh cead pósta ar a mháthair ach ní thiubharfadh sise aon toil ar leigeann do posadh. Bhí a fhios aici go maith ná pósadh aon bhean é, bíodh gur cuma le cora dhuine aca ach fear fághail.
Ba é thoil Dé gur cailleadh an mháthair go díreach nuair a bhí Seán dá-fhicid bliadhain de aois.
"Deanann Dia an ceart" arsa Sean leis féin nuair a fuair sé marbh curtha í.
"Tá cead mo phaodhair anois agam"
"Tig liom posadh anois, gan bhuidheachas d'ón sean-chailleach - Ní fheadhfaidh sí mé stop anois!"
Lá ar na mháireach taréis an mháthair a chur, d'éirigh Seán go moch. Nígh sé is bheárr sé é féin. Ghléus sé suas é féin agus siúd ar thóruigheacht na mná é. Go díreach agus é réidh glan le bualadh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó hEidhin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe