Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bíonn laoigh l feiceál ann chuile seacht mbliadhain. Tagann sé go dtí barr an uisce aguse fanann sé annsin ar feadh an lar. Annsin téigheann sé síos san uisge arís agus ní bhíonn sé lé feicéal go ceann seacht mbliadhna arís. Loch laoigh a tugtar ar an áit mar ghealb ar sin.
Uair amháin chíod na daoine madadh beag í mbaile na mónadh, í gcúl Ruadh i páirc uaigneach aná shíos í mbaile na mónadh. Tá áit ann freisin a dtugtar sgeach Mháíre ní shonnaigh agus bhí amháin aca agus bhí laoigh ag an mbuin ach fuar an bhó bás. Chuile maidin agus tráthnóna i n-a dhiaidh sin théigheadh an laoigh go dtí an sgeach agus bhíodh sé mar a bheadh sé ag siúl an bhainne as ugh na na bó, cé nach mbíodh an bhó lé feiceál.
Bhí fear san gCeathramhan uair amháin agus cheannuigh se capall bán ag am aonach. Chuile maidin gheibeadh sé í agus í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe