School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)daoine leobhtha. Tháinig am dinnéara agus ní raibh aon gráinne salann ins an mbád le h-aghaidh an dinnéar. Adeir Pádraig is gearr go mbeidh salann cuid mhaith de agaibh. Leag sé an muilleannín ar bhord an bhidh. Seo ar seisean cas amach salann againn. Bhí chuile dhuine ag cainnt is ag comhrádh thar timcheall agus Pádraig ag cainnt leobhtha. Níor mhothuigheadar riamh nó go raibh an oiread salann casta amach ag an muilleannín agus go ndeachaidh an bád go tóin puill leis an méid salann a bhí innti. Tá an muilleannín thíos ó'n lá sin go dtí an lá seo ag casadh amach salann.
Níl aon lá go deo na ndeor nach mbeidh an sáile gort agus ag dul ingortanas a bhéas sé fhad is atá an muulleannín [!] thíos. Bhí deagh croidhe ag Seán agus ag a mhnaoi Máire. Fuair siad a saith. Bhí slighe mhaireactáil go deo acu de bhárr an mhuilleannín ach ní mar sin do Phádraig ná do Bhrigidh. Bhiodar go h-olc agus bhí a shlioct arra [!] agus bháigh an muilleannín iad. Sin anois deire an sgéil.- Informant
- Michéal Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tamhain, Co. na Gaillimhe