School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0283
- XML “Amadán an Bhréidín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amadán an Bhréidín.Bhí bean 'na comhnuidhe taobh thiar de Ghaillimh. Bhí sí boct, ní raibh morán cuid ná maon a' t-saoghail aici. Bhí sí pósta ach anois bhí an fear caillte. Ní raibh muirghín ná tuirghín uirthí cé's móite d'aon mhac amháin agus bhí sé sin 'na amadán nó geall leis. Ní raibh aon gas ann mar ba cóir ann. Ní raibh aon t-slighe maireactála ag an mnaoi boct ach ag déanamh bréidín agus flainín agus á dhíol ag margadh na Gaillimhe. Ar chaoi ar bith bualadh suas tinn agus breoite í. Bhí ró-chlaidhte le dul ar an margadh agus bhí carnán mór bréidín déanta aici. Ní raibh fhios aici céard a dhéanfadh sí. Bhí sí igcruaidh-cás mar ná raibh airgead ná ór maon ná stór aici ach an bréidín amháin.
Tá sé ráidhte "nuair is cruaidh do'n cailleach caithfidh sí rith." An t-é nach bhfuil slighe aige caithfidh sé seift a dhéanamh ba fhearact sin do'n seanbhean é. Nuair a bhí sí igruaidh-chás caithfidh sí rud éigin a dhéanam. D'iarr sí ar an mac(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway