School: Tamhain (roll number 15679)

Location:
Tawin Island, Co. Galway
Teacher:
C. Bean Uí Thréinfhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tamhain
  2. XML Page 0284
  3. XML “Amadán an Bhréidín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seo an rachadh sé leis an mbréidin ar an margadh le n-a dhíol. Dubhairt sé go rachadh D'eireochadh dhom nach rachainn agus ar seisean is mé atá in ann a dhíol go maith Chuaidh sé a chodladh san oidhche agus is gearr a chodail sé nó gur eirigh sé le bheith in am ar an margadh. Réidhtigh sé é fhéin. Bhuail sé an carnán bréidín fé'n a asgail agus amach leis. Ní air a bhí am mhoill á siubhal isteach go Gaillimh, mar fear mór laidir leicthe sgaoilte a bhí ann. Nuair a shrois sé margadh na Gaillimhe ní raibh duine ná deoraidhe annsin roimhe. Shiubhail sé soir agus anoir, síos agus suas ach duine níor bhuaileadh leis. Dar fiadh ar seisean leis féin, tá mo chuid bréidin buille fliuch agus rachaidh mé amach an baile mór arís nó go triomuigh mé an bréidin. Chuaidh. Shiubhal sé leis siar nó go raibh an baile mór glan aige go bhfuair sé prompán talmhan 'na raibh a lán clocha. Scar sé an bréidín ar na clocha agus chuaidh sé isteach do'n margadh arís nó go bhfeiceadh sé cé'n luach a bhí ar an mbréidín. Nuair a shroich sé an margadh innsigheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Fathaigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tawin Island, Co. Galway