School: Tamhain (roll number 15679)

Location:
Tawin Island, Co. Galway
Teacher:
C. Bean Uí Thréinfhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tamhain
  2. XML Page 0313
  3. XML “Scéal na gCat”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal na gCat.
    Bhí beirt fhear fadó ag dul ar aonach. Bhí fear acu comh bréagach le broc. Níor labhair sé focal den fhírinne riamh, ní raibh fhios aige leis an fhírinne innseacht. Dá mbeadh sgéal fírinne aige chuireadh sé a thóir féin air, cam crocach agus gach aon cor in aghaidh an fhírinne. Bhí an fear eile acu fírinneach agus go gcaillfeadh sé a cheann sul mar d'innseochadh sé bréag ná cor ar bith a cur in aghaidh na fírinne.
    Shiubhail siad le cois ar chois ag cainnt ag comhrádh ag triall ar an aonach, ach thosuigh siad ag innseact sgéalta Agus ag cainnt is comhrádh ach ba ghearr gur thosuigheadar ag cur agus ag argóint in aghaidh a chéile. Dubhairt fear leis an bhfear eile nár innis sé focal de'n fhírinne riamh agus sé an sásamh a fuair sé ó fhear na bréige gur fuide a theingheas an bhréag ná'n fhírinne. Ach níor leig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Fathaigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tawin Island, Co. Galway