Scoil: Béal Cláir (B)
- Suíomh:
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál S. Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Cláir (B)
- XML Leathanach 0337
- XML “Seán Boy”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith aige ionnta - oiread 's dá mbéadh sé bodhar. É bán, milítheach t'réis oidhche mór óil. Bhí ráfla cheana féin gur ól sé na seacht sáith an oidhche roimhe sin agus gur eitigh sé marcaidheacht ar {Little Friar} meireach an chaoi a mheall Máire é - le tuille fuisge. Stop an caint go h-obann. Bhí an bheirt mharcach in áirde anois. Thug an bean uasal as Sasana bosóg bheag cheanna do'n chapall árd áluinn. Chuir sí cogar i gcluais an mharcaigh agus shluig an sluagh í. Bhí Máire Ní Ciardhubháin annsin agus aghaidh an bháis uirri. Rinne sí meangadh beag fann le Seán Boy agus d'imthigh go fáithcheallach ó'n dá eich anois a bhí ar tí an cúrsa a chur díobh.
Focal ní raibh as an Caiptín ach é annsin go smaointeach. An-dóchas an t-éadóchas ag friotal 'na ghnúis agus a lá in-Éirinn ag brath ar an rása.
Síos le brat. Suas le dordán an tsluagha agus bhí an rása ar siubhal.
{Little Friar} a bhfeárr a thosuigh ach níor bhfada go raibh gar beag aici ar an gcapall eile. Ach ba gheárr é. Dhruid an each gallda amach agus be ceól a siubhail. Gach céim chomh fada(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál S. Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Roibeárd Ó Ceannaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainnín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Chláir, Co. na Gaillimhe