Scoil: Cloch an Uabhair (uimhir rolla 14448)
- Suíomh:
- Cloch an Uabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch an Uabhair
- XML Leathanach 0008
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhi Liam Breathnach ina chomhnuidhe i gClár na Gallimhe.”
Bhí Liam Breathnach in chomhnuidhe i Gclár na Gaillimhe. Thóg na sidhéoga é dhá uair gach bliain. D'innis sé go minic an scéal sin dó m'athair agus an t-am a mhair sé leo. Fá dhó san mblian tháinigh tinneas air agus sa trathnóna chuala sé na sidheoga ag teacht. Chuaidh siad isteach go dtí Liam agus thóg siad Liam leo. Chuir na sidheoga sean-fhear eile in-a áit. Budh cosamhail le Liam é acht níor labhair sé le aon duine a bhí sa teach. Thóg na sidheoga Liam go cnoc in aice le Clar na Gaillimhe. Ins an áit sin bhí siad in a gcomhnuidhe. Bhí siad ag rinnce is ag seinm ceoil acht ní dhearna Liam aon rud a dubhairt siad leis agus sin í an chaoi ar shabháil sé é féin ó bheith in a shideoig i gcomhnuidhe. Annsin bhuail siad Liam agus nuair a tháinigh an trathnóna leig siad Liam abhaile agus maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Giollarnath
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cloch an Uabhair, Co. na Gaillimhe