Scoil: Scoil Bhríge Naofa (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Máire Ní Loideáin Nóra, Bean Uí Longhaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0394

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0394

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0394
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go leór airgid ar an mbord acú. “Is feárr dhúinn dul isteach,” arsan cat. Chuaidh siad isteach go dtí an teach. Nuair a tháinig siad go dtí an doras, thosuigh siad ag béiceadh. Bhuail an reithe an doras le na chloigeann. As go bráthach leis na fir a bhí ins an teach le faitchíos, agus d'fhág siad an t-airgead ar an mbord in a ndiaidh. Chuaidh Cormac agus a chuideachta féin isteach. Bhailigh Cormac an t-airgead leis agus chuir sé in a mhála é. Shín Cormac le taobh na teineadh, agus chuir sé an mála airgid faoi a cheann. Chuaidh an cat siar i bpúirín 'na luighe. Chuaidh an coileach suas i n-aice leis an doras. Chuaidh an ganndal agus an reithe taobh amuigh ar an tsráid. Nuair a bhí sé in a lá ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eadargúil, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Fathaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eadargúil, Co. na Gaillimhe