Scoil: Scoil Fhursa, Clárán

Suíomh:
An Cloichreán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Fhursa, Clárán
  2. XML Leathanach 0141
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 141
    10-12-37
    Sgéal
    Fadó riamh bhí Rí agus Bainríoghan ann agus bhí inghean aca. Mhaireadar go sona séanmhar le chéile go ceann i bhfad. Ach annsin fuair an bhainríoghan bás agus phós an Rí arís. Ní raibh an dara bean cineálta, agus cuir sí amach as an bpálas í ag tabhairt aire do na caoirihgh. B'eigin don gcailín bhocht dul amach san gcnoc. Ní bhfuair sí rud le n-ithe ó dhuine ar bith. Do ceap an leas- mháthair nach fada a bhéadh sí beo amuigh san bhfuacht gan chodhladh gan bíadh. Acht bhí sean- chaora dhubh sa tréad agus thagadh sí cuici agus thugadh sí biadh le n-ithe dí agus éadaidh le cur uirthi. Mar sin do mhair an cailín i bhfad. D'fhás sí agus d'éirigh sí an- álainn láidir. Maidin amháin sul ar éirigh an ghrian tháinig an leas- mháthair agus chonnaic si an chaorá ag teacht leis an m-bia mar ba - ghnáthach léi 'tuigim an sgéal anois ar sise leí féin agus cuirfidh mise críoch leis an ngnó seo " Nuiar a chuiadh sí abhaile chuir sí fios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Áinín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cloichreán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Áinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45