Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rith se treasna na goirt agus chrom sé isteach faoi bhun an sgeach. Ba ghearr go raibh a mháthair ar fághail. Ghabh sí ar a dá ghluín agud dubhairt sí paidir:-"Cén céird a gcuifidh me Seáinín leis, a Dhia?"
"Cuir le gaduidheacht é," arsa Seáinín.Nuair a bhí sí reidh leis na paidreacha ghabh sí abhaile. Ach ní raibh a cúl ar éigin iompuighthe leis an sgeach nuair a amach le Seáinín agus abhaile leis. Bhí sé 'na shuidhe ar an stóilín agus na trí cháicín istigh aige nuair a tháinig a mháthair isteach."Cé'n sgéal é, a Mháhair?," arsa Seáinín.
"Ó an rud a bhí tú féin a radh," ars a mháthair.
"Ara, nach rabh a fhios agam. Ní raib rud ar bith dá chur as mo ceann. Bhfuil aon airgead agat, a Mháthair, arsa Seáinín.
"Ní múinfidh fear ar bith céird dom gan airgead,"
"Tá cúig punt, a mhuirnín, agus seo duit é."D'imthigh Seáinín agus níor stop sé gur tháinig sé ag ait a tugann siad an Ballach Lia air. Ghabh sé isteac i dteach ann 'na raibh gréasaidhe ag críochnú peire nua bróg."Bhail ó Dhia annseo," arsa Seáinín
"Go mba h-é dhuit" ars an gréasaidhe; "ar tháinig tú i bfad?
"O,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe