Scoil: Eanach (C ) (uimhir rolla 8958)
- Suíomh:
- An tEanach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra Ní Dhíomasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fritheadh an cúntas seo ó Mháire Ní Choinnegáin cailín atá 'na comnuide i gcnoch an Eanaigh. Cuala Máire an sgéal ó na athair, a chuala é o mhuinntir na háite. Connaich an cailín an cloch. Tá sé na seasamh fósm sán áit sin.
Is in Eanach tuairim leath-mhíle ón sgoil ata an cloch na seasamh. Tá sí dhá chéad slat ón mbóthar árd.Cloch chearnogach seadh í, tuairim naoi dtroighte ar aoirde. Ar leath-taobh dhí, tá leach ar a bhfuil marbhna sgríobhta. Tógadh an cloch chun teasbaint do chuile uaigh tréan-fhir uaisle a chomhnuigheadh i dteach mhóir Eanaigh. Seo íad na foclai atá gearradh isteach sa leic:-"Do threithibh uaislibh is fearr, inntleacht go sár-mhaith, an léigheannta, clisteacht, cráibhtheach, cneasta, múinte, anois cuthalach arís greannmhar mach a bheadh é, nach raibh a mhacshamhail le fheiceal ar dhilseacht agus ar dhúthracht. Bhí sé 'na chara is fearr da raibh ag duine ríamh, in a dhriathár dhilis, ina fhear a thógadh athas is gliondar chroidhe pe áit ar bith a ndeachaidh sé, go mór mhór i measg a mhuintire fhéin. Bhí grádh is meas ag chuile dhuine air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhíomasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tEanach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chuinnegáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cnoc an Eanaigh, Co. na Gaillimhe