School: Eanach (C ) (roll number 8958)
- Location:
- Annagh, Co. Galway
- Teacher: Nóra Ní Dhíomasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fritheadh an cúntas seo ó Mháire Ní Choinnegáin cailín atá 'na comnuide i gcnoch an Eanaigh. Cuala Máire an sgéal ó na athair, a chuala é o mhuinntir na háite. Connaich an cailín an cloch. Tá sé na seasamh fósm sán áit sin.
Is in Eanach tuairim leath-mhíle ón sgoil ata an cloch na seasamh. Tá sí dhá chéad slat ón mbóthar árd.Cloch chearnogach seadh í, tuairim naoi dtroighte ar aoirde. Ar leath-taobh dhí, tá leach ar a bhfuil marbhna sgríobhta. Tógadh an cloch chun teasbaint do chuile uaigh tréan-fhir uaisle a chomhnuigheadh i dteach mhóir Eanaigh. Seo íad na foclai atá gearradh isteach sa leic:-"Do threithibh uaislibh is fearr, inntleacht go sár-mhaith, an léigheannta, clisteacht, cráibhtheach, cneasta, múinte, anois cuthalach arís greannmhar mach a bheadh é, nach raibh a mhacshamhail le fheiceal ar dhilseacht agus ar dhúthracht. Bhí sé 'na chara is fearr da raibh ag duine ríamh, in a dhriathár dhilis, ina fhear a thógadh athas is gliondar chroidhe pe áit ar bith a ndeachaidh sé, go mór mhór i measg a mhuintire fhéin. Bhí grádh is meas ag chuile dhuine air.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhíomasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Annagh, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Chuinnegáin
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Annagh Hill, Co. Galway