School: Eanach (C ) (roll number 8958)
- Location:
- Annagh, Co. Galway
- Teacher: Nóra Ní Dhíomasaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0003
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am fadó do chomhnuidhe fear darbh ainm Seán de Burcha i gCaisleán Dhoire maclocna. Shíolruigh Seán de chlann amháin do na chlannaibh ar a tugadh an Dá Chlainn Dhéag na Gaillimhe. Bhí maoin 7 talamh aige ní amhain i nGaillimh ach i Muigheó, i Ros Comáin 7 i gConndae an Chláir. Bhailuigheadh sé cíosa ó na doine a theigheadh ar aonach sna áiteachaibh sin.
Is aige a bhí go leor leór capaill, mar sna laethe úd ní raibh slighe taisdil eile ag na daoinibh.
Tuairim triocha slata ó'n gcaisleán, tá cnoch mór 7 is ins an gcnoch sin a choinnightí na gunnaí 7 airm. Deirtear gur chaitheadh liathród ghunnaí ó Chnoch Laraighe leis an gcaisleán 7 gur sgaradh ó chéile balla soir an chaisleáin ó bhárr go bun. Tá an sgailp le feiceáil go dtí an lá indiú.(continues on next page)- Collector
- Nora Ní Dhíomasagih
- Gender
- Female
- Address
- Annagh, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Mhurchada
- Gender
- Female
- Age
- c. 20
- Address
- Ballyglass, Co. Galway