Scoil: Baile Uí Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: T. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuidh talamh Borrgheisumhail ó támhaibh na mButlérí isteach í lámhaibh na mBurcaí Mhuigheó. Duine des na Burcaigh seo Darb' ainm do Risteárd a Bhrounn an talamh do mhanaigh d'Ord San Dominic i gcóir na mainistreach. Fear dána cogadhamhail ag a raibh a lán droch -gniómhthara deánta aige le lenn a shaoghail do b'eadh Risteárd ach thréigh sémian agus san mainistir sin chun cúiteamh agus aithrighe a d'éanamh. Thug Risteárd na manaigh d'Ord San Doiminic go dtíBorrgheisumhail sa mBliam 1469.
Nuair bhí Annraoi VIII agus Eibhléis ag creachadh na mainistreacha in Éirinn tháinig mainistir Bhorrgheisumhail saor, ach nuair a tháinig Sir Nicolas Malbie go dtí muigheó leag se a lámha reamhdhidha ar. í 1579 bhí Borrghusumhail mar ionad agus bun coghaidh ag Sir Nicholas, ag a throid do le taoiseacha Gaodhealacha Mhugheó. Chuir sé na manaigh as an mainistir agus chuir sé míle saighduirí in a n-ionad.
Níor dhibrigh an mhór creachadh agus géar - leanamhaint seona manaigh as Borrgheis umhail. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)