Scoil: Leitir Machaire (uimhir rolla 13370)
- Suíomh:
- Leitir Machaire Theas, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Ní Shnoidigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Machaire
- XML Leathanach 197
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidche ShamhnaA: Ag dóigheadh na gcnó: caithear dhá chnó isteach sa teinidh. Má dóightear go geal [méireach?] iad béidh pósadh sonas ach muna dóightear mar sin iad béidh amhalairt de scéal ann. Má dóightear ceann amháin [gomall?] socair réidh, agus an ceann eile go pleasgach béidh troid agus acrann ann cé go mbeidh sé “alright” indeire thiar thall. Ach má pléascann ceann go garbh béidh siar troid ann.B: Craiceann an t-ubhaill: Tógann cailín ubhall. Lomann sí é—an crainn uile i bpíosa amháin—gan briseadh. Caitheann an cailín an craiceann thar a gualann clé agus feiceann sí siar ann. Sin le faghail amach cén litir atá cumhtha as an graiceann ar an urlár. Sin an litir tosnuightear ainm aleannáin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máiréad Ní Shnoidigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Sheán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Dún Troisc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Dún Troisc, Co. Mhaigh Eo