Oidche Shamhna A: Ag dóigheadh na gcnó: caithear dhá chnó isteach sa teinidh. Má dóightear go geal [méireach?] iad béidh pósadh sonas ach muna dóightear mar sin iad béidh amhalairt de scéal ann. Má dóightear ceann amháin [gomall?] socair réidh, agus an ceann eile go pleasgach béidh troid agus acrann ann cé go mbeidh sé “alright” indeire thiar thall. Ach má pléascann ceann go garbh béidh siar troid ann. B: Craiceann an t-ubhaill: Tógann cailín ubhall. Lomann sí é—an crainn uile i bpíosa amháin—gan briseadh. Caitheann an cailín an craiceann thar a gualann clé agus feiceann sí siar ann. Sin le faghail amach cén litir atá cumhtha as an graiceann ar an urlár. Sin an litir tosnuightear ainm aleannáin leis.Maolsheachlann O'CeallaighMaolsheachlann O'CeallaighMaolsheachlann O'Ceallaigh