Scoil: An Cnoc (uimhir rolla 2475)

Suíomh:
An Cnoc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brain Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1099, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1099, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Seán Crosach ar ais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Crosach arais.
    Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seán Crosach. gaduidhe a bhí ann. Nuair a casfadh fear saidhbhir do ní shílfeadh sé moran é a sgaoileadh agus a chuid airgead a thabhairt leis.
    Acht ní raibh sé go holc sin ar fad. Nuair a chasfadh fear bocht air bheirfeadh sé cuid d'on airgead do acht chonigbhuigh sé go leor do fhéin.
    Nuair a chualaidh sé go raibh an tóir ag teacht thug sé leis an t-airgead amach go gleann mór uaigneach atá amuigh 'sa Ghap atá ar taoibh ó thuaidh de chnoc Shrathgradaigh.
    Rinne sé poll mór 'san gleann. Chuir sé an t-airgead síos ins an pholl. Sílim go bhfuil an t-airgead annsin go fóill.
    Sgéalaidhe:- Seamus Ó hAelfertí
    Tírchíllin
    Tearmonn.
    Sgríbhneoir:- Brian Ó Duibhne,
    An Cnoc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Duibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cnoc, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó hAelfertí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall