Scoil: An Cnoc (uimhir rolla 2475)

Suíomh:
An Cnoc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brain Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1099, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1099, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo Chró beag ag Bun C[h]noc a' Tighe
    I
    Is iomdha áit áluinn in Éirinn
    Ag filidh 's lucht foghluim faoi cháil
    Acht measaim gur gleanntaí Thír Chonaill
    An áit ann is deise le fághail
    Cha dtabharfainn ar choróin Rí Eamonn
    A Phalais 'gus a stór maoineach buidhe
    Mo chomhnuidhe beag féin i dTir Conaill
    Mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
    II
    Tá'n Mhucaise mhór ar taobh shiar de
    Faoi nealtaí leath-bhealaigh go bun,
    Tá Caisleán Mhic Suibhne taobh thoir de
    Ar bhruach glas cuan Caorach na dtonn,
    Tá'n cuilinn 's caorthann 's fuinnseóg
    's aiteannach glas na mbláth mbuidhe
    'n aghaidh doininn dubh Gheimhridh mar ghárda
    In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
    III
    Tá'n bheachóg go meidhreach ag drandán
    ag tógail na mileach ó'n bhláth
    Tá'n londubh 's na duilleogaí glasa
    Gabhail cheoil le na chéile le grádh,
    Tá'n smolach ag seinm le subhailce
    Ar an c[h]raobh glas is aoirde na suidhe
    Agus mise le lúthghair ag éisteacht
    In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Duibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cnoc, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Neil Mc Bride
    Ainmneacha eile
    Neil Mc Bride
    Niall Mac Giolla Bhride
    Inscne
    Fireann
    Aois
    81
    Gairm bheatha
    File (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Faiche Mhór, Co. Dhún na nGall