Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag deanamh dí féin go bhfeudfadh a h-athair an talamh do bhaint amach arís. D’fhág na cailíní slán ag Ua Domhnaill agus a chuideachta. Déirigh ar a neachaibh agus philleadar dá nduthaigh féin. Do cheap muintear Aodha Ruadh arais a gcúlai gach capall, gach bó, gach caora, agus gach uile bheathadhach do chuid Chloinne Chonchubhair : agus thugadar suas gach airnéis agus gach éadail do mhuintir Chonchubhair sul má [deachadh]? siad troigh níos fuide. Thóg Aodh Ruadh claidhe teorann seacht míle budh dheas ó Áth Seanaigh, agus coimhcheangladh an talamh sin le Tírchonaill ón am sin go dtí gur briseadh ar Ghaedhealaibh ag Ceann tSáile, agus gur árduigheadh (ar) (ghaedhealaibh) cumhacht agus ceannas [na]? ngall os cionn Thír Chonaill, os(leanann ar an chéad leathanach eile)