Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Buachaill an tSléibhe Ruaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Buachaill an tSléibhe Ruaidh
    Bhí lánamhan ‘na gcomhnuidhe ar a t-Sliabh Ruadh agus ní rabh acu acht aon mhac amháin. Tógadh ariamh ar a t’sliabh é gan [fhága]? Ní dhearn sé adath ariamh acht a buachailleacht caorach. Áit ionadach scaithte a bhí sa tSliabh Ruadh nach rabh mórán siubhal daoiní air agus mar sin dó ní rabh cleachtú ag an bhuachaill ar chodhruisc no ar cuidheachta ar bith acht indiaidh a chuid caorach sa lá agus i gclúdaigh a athara agus mháthair san oidhche. Tógadh é gan cóir gan cáin go rabh se na buachaill. Bhí sé maidin amhain go luath ag amharc indiaidh a cuid caorach. Bhí cuid aca caillte aige agus béigin do buaileadh isteach a sliabh ar a lorg. Ar teacht ar [amha]? a bhealaidh mhóir dó tchí sé slaighte ar bun sliaighte ag tarraingt air aniar. Níor lear leis go bfaca sé oiread daoine ariamh gur shíl sé nar bhfeidir oiread daoiní a bheith ar an shaoghal ar cor a bith. Dar leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Mac Ailín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)