Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Inis Eoghain; teachtaire eile go Caisleán na Finne ann ar chomhnuigh Niall Garbh Ua Domhnaill; teachtaire eile go Port an Leithbhir ann a rabh Mághnus óg, dearbhráthair d’Aodh Ruadh go dream do bhuainaidhibh Thírchonaill; teachtaire eile go Niall Mór Ua Gallchobhair i nGleann-Finne; teachtaire eile go Mac Suibhne Fhánáda, Domhnall Mac Thoirdhealbhaigh, teachtaire eile go dtí Mac Suibhne na dTuath, Eoghan Óg, oide Aodha Ruadh; teachtaire eile go dtí Mac Suibhne Boghainneach, Donnchadh Mac Mhaolmuire Mheirgigh; Teachtaire eile go h-Ua Baoighill (N) Niall, i mBaoigheallach, agus teachtaire eile nach n-áirmhighim annseo. Ar feadh seachtmhaine ón lá sin, ba léir do mhuinntir Thírchonaill go rabh a bhflaith ar tí sluaghacht do dheanamh Chonnachtas ar ghach bhealach atá a tarraingt ar Dhún-na-nGall ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)