Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 62
- XML “Dóchas na Caillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cómh claoidhte is bhí sí ní rabh me? ar bith ar a teangaidh. Bhí bacach ag gabháil thart 'san áit agus bhí an t-iomrádh go rabh crathán feasa aige.
Oidhche amháin bhuail sé isteach ag an t-sean phéire seo, agus d'iarr sé fascadh an toighe go maidin. Dubhairt an sean duine go bhfuigheadh agus míle fáilte acht go gcaithfeadh sé a dhicheallt eolais a thabhairt goidhé a bhí ag caitheamh ar an tsean- mnaoi. Dubhairt sé go ndéanfadh sé sin agus míle fáilte. Chuaidh sé suas go dtí an leabaidh agus stáin sé go géar ar an t-sean mnaoi agus leog ní h-é an deágh-fhocal a bhí ar bhárr a teangtha léithe. Sheasuigh sé tamaillt ag amharc go géar uirthi agus í ag gabhail mar bhéadh muileann ann 'á sgineadh ó bhallaí na glóire. D'éist sé léithi fada buan. Fá deireadh chraith sé a cheann agus shiubhal sí aníos agus síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. Mac Ailín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)