Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 109
- XML “Caisleán Mhic Diarmada; Iníon Uí Chonchubhair; Fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne; Bréagchomhairle Iníne Mhic Dhiarmada”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé ráidhte go mbéadh gach uile rud leis, acht amháin gur bhréag inghean Uí Chonchubhar é le sgéimheacht a pearsain agus le binneis a [huplabhra]? damharc an cruitire uirri ar a rádh seo dhó acht bhí a cheann cromta agus tug sé fá deara a leaca agus a h-éadan ar dhearg-lasadh. Bhí mé ag cainnt fosta ars an cruitire ag leanmhan dá sgéal, le hAodh Ruadh fhéin, agus thráct se ortsa. Ba dhóig leis na rabh agat-sa acht gráin agus fuath air, mar námhaid do d’athair agus do mhuinntir agus loisgeadóir agus creachadóir do dúithche. Stad an cruitire dá cómhradh go tobann amhail is da mbeadh sé ag feitheamh le freagair. Níl grainn nó fuath agam dó, maiseadh arsa Meadhbh, agus í ag cainnt léithe fhéin deirfeá. Is (camla) calima cródha an taoiseach é is dóice go dteárn [?] mathair beirt éigin ann a aghaidh do chuir fearg air agus is cinnte é nach maith le hUa Domhnaill m athair do bheith i gcomh-cháirdeas leis na Gallaibh. Ní tuigim féin goidé n fát nach ndeanann Ua Domhnaill cáirdeas le Sasanaibh mar ghní mathair agus taoiseacha eile. Chuala mé fhéin Ser Coinneas(leanann ar an chéad leathanach eile)