School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1095, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1095, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 109
  3. XML “Caisleán Mhic Diarmada; Iníon Uí Chonchubhair; Fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne; Bréagchomhairle Iníne Mhic Dhiarmada”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá sé ráidhte go mbéadh gach uile rud leis, acht amháin gur bhréag inghean Uí Chonchubhar é le sgéimheacht a pearsain agus le binneis a [huplabhra]? damharc an cruitire uirri ar a rádh seo dhó acht bhí a cheann cromta agus tug sé fá deara a leaca agus a h-éadan ar dhearg-lasadh. Bhí mé ag cainnt fosta ars an cruitire ag leanmhan dá sgéal, le hAodh Ruadh fhéin, agus thráct se ortsa. Ba dhóig leis na rabh agat-sa acht gráin agus fuath air, mar námhaid do d’athair agus do mhuinntir agus loisgeadóir agus creachadóir do dúithche. Stad an cruitire dá cómhradh go tobann amhail is da mbeadh sé ag feitheamh le freagair. Níl grainn nó fuath agam dó, maiseadh arsa Meadhbh, agus í ag cainnt léithe fhéin deirfeá. Is (camla) calima cródha an taoiseach é is dóice go dteárn [?] mathair beirt éigin ann a aghaidh do chuir fearg air agus is cinnte é nach maith le hUa Domhnaill m athair do bheith i gcomh-cháirdeas leis na Gallaibh. Ní tuigim féin goidé n fát nach ndeanann Ua Domhnaill cáirdeas le Sasanaibh mar ghní mathair agus taoiseacha eile. Chuala mé fhéin Ser Coinneas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish