Scoil: Baile Ciaragain (uimhir rolla 13127)
- Suíomh:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)achu stúca leis na púnann.
Tá céithre púnann i n-achan stúca. Nuair atá na stúca tirm, gnidheann siad crúach de.
Tamhall i na dhiaidh sin cuireann sé na crúaiche isteach sa sgíobhal, agus tosnuigheann sé ag bualadh an arbhar le súiste.
An súiste :- sin da bataí céangailte le céile, le ball, agus sin an rud a bualadh an t-arbhar leis thart annseo. Nuair atá an t-arbhar buailte, tá an cách, agus an gráin fágtha. Cuireann sé é fríd an criathar annsin chun é a ghlánadh, agus annsin chuireann sé an gráin go dtí an muileann chun é do mheilt.
Gnidheann an muillnéoir min coirche de annsin bheireann sé an mhin coirche abhaile, agus tá na mná abhálta bráchan coirche, agus arán coirche a dhéanamh de annsin.- Bailitheoir
- Nóra Ní Cnámhsaigh
- Inscne
- Baineann