04/05/2020 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Baile Ciaragain (uimhir rolla 13127)

Suíomh:
Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tobar na nAingeal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá tobhar beannuighthe i ceanntar Tóin Dubh cómhgarach do scoil Bailechiaragain. Tá sé ins an pháirc atá ar chúl teach Páidí Mícil. Deirtear go bhfuil léigheas san uisge an tobhar sin, agus tá sé fíor go leór. Cúpla bliadhain ó shoin, bhí bean bhocht, agus ní rabh sí abálta siubhal. Ar an lá roimh Bealtaine, d'iompruigh a fear í go dtí an tobhar, agus dúirt sé go mbeadh sé arais fa na coinne ins an tráthnóna. Acht nuair a bhí sé ag dul annsin, cé cásadh air acht a bhean, agus bhí sí abálta siubhal comh maith is bhí sí ariamh. An fáth go bhfuil an tobhar annsin ar chor ar bith no i n-am na Dligthe Peannaideacha, nuair a bhí cúig punt suas ar son cionn sagart, bhí sgáifte saigdiúirí indiaidh sagart. Bhí an sagart bocht tuirse (sic)indiaidh bhéith ag rith ó maidin. Nuair a tháinigh na saighdiúirí fhad do chonnaic siad solas tart fa dtaobh do, agus bhí sgáifte áingeal

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Pádraig Ua Cnámhsaigh
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge