Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh bean uair amhain chun an aonaigh agus muc leithe. Thainig an buisteoir fhád léithe fá choinne í a cheannacht. Ní rabh moran béarla aici. agus d'fhiafruigh an buisteoir dithe an rabh an mhuc reamhar. Dubhairt an bhean leis, "Now catch the pig and feel the fat and then you will know the good muc.
    Sean Sgéal
    Bhí fear uasail ag dul thart uair amhain fa'n pharóiste seo agus bhí leór airgid aige. Tháinig sé fhád le teach agus d'iarr sé lóistín. Bhí luthghair ortha mar bhí fhios aca go leór airgid aige, agus ba mhaith leobhtha é a choingbhilt. Thosaigh sé a chainnt béarla leobhtha agus níor thig na daoine é, agus thoisigh siad a gháraidhe. Ghlac an fear eagla rompa. D'fhiafruigh sé dobhtha cá rabh a leabaidh. Thosuigh siad a amharc ar a cheile. Sa déireadh chuaidh sé a luighe agus codluigh sé. D'éirigh siad uilig ar maidin acht an fear uasal. "Anois" arsa an séan duine "tá sé na chodladh agus níl oiread béarla i Ros Guill agus a mhusglochas é."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Naos Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall