Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éadach. Dubhairt an bhean seo go ndeanfadh sise iad dá n-iarrfadh sí na bainnse an lá a bhéadh sí dá pósadh. Dubhairt sise go n-iarrfadh. Thainig mathair an Rí isteach agus bhí luthghair mhór uirthí an obair a bhí deanta ag an chailín.
Thainig an lá a pósadh iad agus d’iarr siad a gcuid daoine muinntearacha uilig. D’iarr an cailin na trí mna ghranda seo agus d’fhiafruigh an Rí duithe ar b’éadh seo a chuid daoine muinntearacha.
Dubhairt sise gur b’éadh. Chuaidh mac an Rí an cáinnte leis an chead bhéan agus d’fhiafruigh duithe caidé a thainig ar a láimh. Dubhairt sise gur choinnigh a mathair í ag fidireacht éadach leis an t-séol agus gur éirghe a cois mór. Chuaidh sé ag an bhéan a rabh an t-sron mhóir uirthi agus d’fhiafruigh sé duithe caide a thainig ar a srón. Dubhairt sí gur choinnígh a mathair í ag fuaghail agus ag deanadh éadach agus go rabh a ceann i gcomhnuidhe cróm aici agus tuit an méid fóla a bhí ann a ceann anuas ann a srón agus sin an [fáth]? Dubhairt an Rí óg nach léigfeadh sé do na bhean féin snáth na fuaghail na a dháth a dheanadh nios mó agus sin mar d’éirigh do’n inghean fhallsach agus sin an rud a bá mhaith leithe. Bhí dóigh mhaith uirthi na dhiaidh sin agus ní dheachaidh sí comhair a mathair ní ba mhó.- Bailitheoir
- Naos Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall