Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 64
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid mhór scéaltaí ag muinntir na h-áite seo fá dtaobh de Fhionn Mac Cumhail, Oisín agus na Laochraí eile. Tá scéal ag muinntir na h-áite seo fá Gholl Mac Mórna. Deir siad go bhfuair se bás ar charraic amuigh sa'n fhairrge darbh' ainm, "Carraig Ghoill". Bhí Laochrai eile ag iarraidh Goll a mharbhuighidh agus theich sé. Lean na Laochraí é. Sa deireadh thainic sé fhad leis an fhairrge agus chonnaic se an charraic seo.
Snámh sé amach fhad leis agus shuidh sé uirthí. Ni rabh na Laochraí eile maith ag snámh agus d'fhan siad ar an tráigh ag fanacht leis a theacht isteach. Bhí siad ag fanacht le tamall mhaith agus ní rabh se ag teacht isteach. Amuigh ar an charraig bhí Goll ag fagháil bháis leis an ocras, agus leis an fhuacht. Fá dheireadh fuair se bas sa'n áit in a rabh sé na shuidhe. Shíl na Laochraí a bhí ar an traigh go rabh sé 'na chodladh.
Fuair siad bád agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ua Carragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall