Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí caiptín luinge ann fadó agus bhí sé pósta le cúpla bliadhan, acht ní raibh aon pháiste aca. Chuala bean an chaiptín go raibh tobar beannuighthe i mBaile - Cruach agus dá ndéanfheadh sí seacht turas ann gach maidin go mbeadh páiste aicí. Chuaidh sí ar lóistín i dteach maoir a bhí na chómhnaidhe in aice an tobair bheannuighthe. Bhí ceannuighe ruadh ag dul thart agus fuair sé lóistín i dteach an mhaoir. Bhí fáinne óir ar mhéir mná an chaiptín agus thuit an ceannuighe i ngrádh leis an bhfáinne. Nuair d'éirigh an bhean ar maidin chuaidh sí go dtí an tobar beannuighthe chun turais a dhéanamh. Lean an ceannuighe ruadh í agus mharbhuigh sé í agus bhain sé an an fháinne di. Níor tháinig an bhean abhaile an uair a tháinig sí gach lá. Chuaidh muinntir an tighe ar a fáirnéis agus fuair siad marbh ag an dtobar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo