Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beannuighthe í. Thug siad abhaile go dtí teach an mhaoir í agus rinneadh tórramh dhá oidhche agus dá lá sa teach agus annsin cuireadh ins an reilg ag an dtobar bheannuighthe í.
Thainig an cheannuighe ruadh go dtí teach an mhaoir arís agus bhí an caiptín luinge roimhe. Bhí fáinne óir mhéar an chaiptín agus dubhairt an cheannuighe ruadh gur dheas an fhainne é, [?[ go raibh ceann aige féin chómh deas leis. Dubhairt an chaiptín leis, an fhainne a thabhairt dó chun é a fheiscint. Nuair a chonnaic an chaiptín an fhainne bhí fhios aige gur fainne a mhná féin a bhí aige. Thóg sé anuas gunna agus mharbhuigh sé é. An dara lá chuireadh ins an uaigh é. Oidhche an lae a chuireadh é, tháinig na fiadhna anuas an gcnoc agus thógadar an corp suas ó'n gcré. Bhí fhios ag gach duine annsan nach san uaigh ceart a cuireadh é.- Bailitheoir
- Áine Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo