Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Fear a Ghoid an Veist

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí sgaifte fear ag baint féir i gcuibhreann lá iongantach te agus bhain na fir daobhta a gcuid cótaí agus bheistí agus d'fhág siad ag an geafta iad ag taobh an bhealaig mhóir.
Bhí siad ag obair go cruaidh. Bhí an feirmeóir ar an aonach agus ag teacht do. Bhí bheist úr air agus d'fhag sé an bheist síos ins an áit ina rabh na cótaí agus chuaidh a dh-obair.
Bhí fear bocht ag dul thart agus chonnaic sé an bheist deas agus bhí sean bheist air féin. Bhain sé de an t-sean bheist agus chuir air an bheist úr agus d'fhág an sean ceann ina h-áit.
Nuair a bhí an fear bocht giota fada ar shiubhal. Tháinig sé fhad le siopa, d'amharc sé ins an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Caitlín Ní Dhomhnaill
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Caitlín Ní Ghallchobhair
Inscne
baineann
Aois
40
Teanga
Gaeilge