Chuaidh fear amach soir na Cormhín maidin lá Bealtaine amháin a sheilg agus bhí cú mór leis. Nuair a bhí sé féin agus an cú ag dul giota fada, chuir an fear an cú ina dhiaidh. Deireann na sean daoine go dtig leis na sean mná gearrfhiadh a dhéanamh daobhtha féin lá Bealtaine. Bhí go maith, agus ní rabh h-olc, d'imthigh an cú i ndhiaidh an ghearrfhiadh. Chuaidh an gearrfhiadh síos ag tarraing ar bhoitheach, agus nuair a bhí sé ag dul isteach ar an lindear bhain an cú plaic as. Bhí an fear tuirseach, agus nuair a tháinig sé fad leis
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »