Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 303
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Oíche amháin . . .

    Oidhche amháin in deireadh an fhoghmhair bhí Maghnus Phaidí Ruaidh as áit an t-Sean Tuighe i bparroiste Ghaoth Dobhair ag teacht anoir ag bun an leite leithid indhiaidh a bheith ag cuartughadh caorach agus chuaidh sé ar seachrán. Duine beag neamh-eaglach a bhí i Maghnus agus ní fhaca sé a’ dhath ariamh a chuirfeadh an tóir air. Acht an oidhche sin chonnactas do go raibh creathadh uaignis air agus chuir sé suas purt feadalaigh le uchtach a thabhairt do fhéin. Le sin baineadh stad as agus leim a chroidhe - caidé bhí ann ar chor ar bith? - Sgaifte daoine beaga ag tarraingt air agus gan cuntas le déanamh ortha. D’amharc sé thart le bealach theithidh ach ní rabh sé le fághail aige mar go rabh an dream iongantach ag cruinniughadh as gach árd. Bhí feasóg crom bhéil Maghnuis ina sheasamh mar bheadh slatacha ann agus deora alluis ar a éadán. Bhí siad comh deas do agus go rabh siad le feiceál aige. Labhar fear beag ruadh leis agus dubhairt “Siubhal leat annseo a mhic Phaidí Ruaidh go bfeicfidh tú d’athair mór bocht a báitheadh i loch - loch fad ó shoin”. B’eigean do Maghnus a dhul leo. Bhí c uid á tarraingt isteach sa loch agus cuid a shábhail. Thug siad isteach fríd
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sinéad Ní Dhuinnshleibhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Corráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall